SEARCH DATABASE
The Global Gender Equality Constitutional Database is a repository of gender equality related provisions in 194 constitutions from around the world. The Database was updated in partnership with the International Bar Association's Human Rights Institute (IBAHRI) and with support from the Swedish International Development Agency (SIDA) and the Government of Japan. Experience its wealth and depth of information by starting your search now.
ABOUT 33 RESULTS
Property, Inheritance and Land Tenure
Ireland
- English1 1° The State acknowledges that man, in virtue of his rational being, has the natural right, antecedent to positive law, to the private ownership of external goods.
2° The State accordingly guarantees to pass no law attempting to abolish the right of private ownership or the general right to transfer, bequeath, and inherit property.
… (Art. 43) - Irish Gaelic1 1° Admhaíonn an Stát, toisc bua an réasúin a bheith ag an duine, go bhfuil sé de cheart nádúrtha aige maoin shaolta a bheith aige dá chuid féin go príobháideach, ceart is ársa ná reacht daonna.
2° Uime sin, ráthaíonn an Stát gan aon dlí a achtú d’iarraidh an ceart sin, ná gnáthcheart an duine chun maoin a shannadh agus a thiomnú agus a ghlacadh ina hoidhreacht, a chur ar ceal.
… (Airteagal 43)
Protection from Violence
Ireland
- English…
4 2° The State shall endeavour to ensure that the strength and health of workers, men and women, and the tender age of children shall not be abused and that citizens shall not be forced by economic necessity to enter avocations unsuited to their sex, age or strength. (Art. 45) - Irish Gaelic…
4 2° Déanfaidh an Stát iarracht chun a chur in áirithe nach ndéanfar neart agus sláinte lucht oibre, idir fheara is mná, ná maoth-óige leanaí a éagóradh, agus nach mbeidh ar shaoránaigh, de dheasca uireasa, dul le gairmeacha nach n-oireann dá ngné nó dá n-aois nó dá neart. (Airteagal 45)
Public Institutions and Services
Ireland
- EnglishThe principles of social policy set forth in this Article are intended for the general guidance of the Oireachtas. The application of those principles in the making of laws shall be the care of the Oireachtas exclusively, and shall not be cognisable by any Court under any of the provisions of this Constitution.
…
2 The State shall, in particular, direct its policy towards securing:–
…
v That there may be established on the land in economic security as many families as in the circumstances shall be practicable.
…
4 1° The State pledges itself to safeguard with especial care the economic interests of the weaker sections of the community, and, where necessary, to contribute to the support of the infirm, the widow, the orphan, and the aged.
… (Art. 45) - Irish GaelicIs mar ghnáth-threoir don Oireachtas a ceapadh na bunrialacha do bheartas chomhdhaonnach atá leagtha amach san Airteagal seo. Is ar an Oireachtas amháin a bheidh sé de chúram na bunrialacha sin a fheidhmiú i ndéanamh dlíthe, agus ní intriailte ag Cúirt ar bith ceist i dtaobh an fheidhmithe sin faoi aon fhoráil d’fhorálacha an Bhunreachta seo.
…
2 Déanfaidh an Stát, go sonrach, a bheartas a stiúradh i slí go gcuirfear in áirithe:–
…
v Go mbunófar ar an talamh faoi shlándáil gheilleagrach an oiread teaghlach agus is féidir de réir chor an tsaoil.
…
4 1° Gabhann an Stát air féin cosaint sonrach a dhéanamh ar leas gheilleagrach na n-aicmí is lú cumhacht den phobal agus, nuair a bheas riachtanas leis, cabhair maireachtála a thabhairt don easlán, don bhaintreach, don dílleacht agus don sean.
… (Airteagal 45)
Public Institutions and Services
Ireland
- English1 1° The State recognises the Family as the natural primary and fundamental unit group of Society, and as a moral institution possessing inalienable and imprescriptible rights, antecedent and superior to all positive law.
2° The State, therefore, guarantees to protect the Family in its constitution and authority, as the necessary basis of social order and as indispensable to the welfare of the Nation and the State.
… (Art. 41) - Irish Gaelic1 1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.
2° Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.
… (Airteagal 41)
Sexual and Reproductive Rights
Ireland
- English…
3 3° Provision may be made by law for the regulation of termination of pregnancy.
… (Art. 40) - Irish Gaelic…
3 3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.
… (Airteagal 40)
Status of the Constitution
Ireland
- English1 Subject to this Constitution and to the extent to which they are not inconsistent therewith, the laws in force in Saorstát Éireann immediately prior to the date of the coming into operation of this Constitution shall continue to be of full force and effect until the same or any of them shall have been repealed or amended by enactment of the Oireachtas.
... (Art. 50) - Irish Gaelic1 Na dlíthe a bheas i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh lá an Bunreacht seo a theacht i ngníomh leanfaid de bheith i lánfheidhm agus i lánéifeacht, faoi chuimsiú an Bhunreachta seo agus sa mhéid nach bhfuilid ina choinne, go dtí go n-aisghairtear nó go leasaítear iad nó aon chuid díobh le hachtú ón Oireachtas.
... (Airteagal 50)
Status of the Constitution
Ireland
- English…
4 1° The Oireachtas shall not enact any law which is in any respect repugnant to this Constitution or any provision thereof.
2° Every law enacted by the Oireachtas which is in any respect repugnant to this Constitution or to any provision thereof, shall, but to the extent only of such repugnancy, be invalid.
… (Art. 15) - Irish Gaelic…
4 1° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú a bheadh ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo.
2° I gcás aon dlí dá n-achtóidh an tOireachtas a bheith ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo beidh sé gan bhail sa mhéid go mbeidh sé in aghaidh an Bhunreachta seo agus sa mhéid sin amháin.
… (Airteagal 15)
Status of the Constitution
Ireland
- English…
2 These powers of government are exercisable only by or on the authority of the organs of State established by this Constitution. (Art. 6) - Irish Gaelic…
2 Is leis na horgain Stáit a chuirtear ar bun leis an mBunreacht seo, agus leo sin amháin nó lena n-údarás, is féidir na cumhachtaí riala sin a oibriú. (Airteagal 6)
Status of International Law
Ireland
- English…
4 4° Ireland affirms its commitment to the European Union within which the member states of that Union work together to promote peace, shared values and the well-being of their peoples.
5° The State may ratify the Treaty of Lisbon amending the Treaty on European Union and the Treaty establishing the European Community, signed at Lisbon on the 13th day of December 2007 (“Treaty of Lisbon”), and may be a member of the European Union established by virtue of that Treaty.
6° No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State, before, on or after the entry into force of the Treaty of Lisbon, that are necessitated by the obligations of membership of the European Union referred to in subsection 5° of this section or of the European Atomic Energy Community, or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by—
i the said European Union or the European Atomic Energy Community, or institutions thereof,
ii the European Communities or European Union existing immediately before the entry into force of the Treaty of Lisbon, or institutions thereof, or
iii bodies competent under the treaties referred to in this section,
from having the force of law in the State.
…
6 No international agreement shall be part of the domestic law of the State save as may be determined by the Oireachtas.
…
9 The State may ratify the Rome Statute of the International Criminal Court done at Rome on the 17th day of July, 1998. (Art. 29) - Irish Gaelic…
4 4° Dearbhaíonn Éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn.
5° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007 (“Conradh Liospóin”), a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin.
6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac—
i an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna,
ii na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó
iii comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo,
ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
…
6 Ní bheidh aon chonradh idirnáisiúnta ina chuid de dhlí inmheánach an Stáit ach mar a chinnfidh an tOireachtas.
…
9 Tig leis an Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17ú lá d’Iúil, 1998, a dhaingniú. (Airteagal 29)
Jurisdiction and Access
Ireland
- English…
3 2° Save as otherwise provided by this Article, the jurisdiction of the High Court shall extend to the question of the validity of any law having regard to the provisions of this Constitution, and no such question shall be raised (whether by pleading, argument or otherwise) in any Court established under this or any other Article of this Constitution other than the High Court, the Court of Appeal or the Supreme Court.
3° No Court whatever shall have jurisdiction to question the validity of a law, or any provision of a law, the Bill for which shall have been referred to the Supreme Court by the President under Article 26 of this Constitution, or to question the validity of a provision of a law where the corresponding provision in the Bill for such law shall have been referred to the Supreme Court by the President under the said Article 26.
…
4 2° No law shall be enacted excepting from the appellate jurisdiction of the Court of Appeal cases which involve questions as to the validity of any law having regard to the provisions of this Constitution.
…
5 5° No law shall be enacted excepting from the appellate jurisdiction of the Supreme Court cases which involve questions as to the validity of any law having regard to the provisions of this Constitution.
… (Art. 34) - Irish Gaelic…
3 2° Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an Airteagal seo, beidh dlínse ag an Ard-Chúirt maidir leis an gceist sin bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta seo, agus ní cead aon cheist den sórt sin a tharraingt anuas (trí phléadáil ná argóint ná eile) i gCúirt ar bith, arna bunú faoin Airteagal seo nó faoi aon Airteagal eile den Bhunreacht seo, seachas an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc nó an Chúirt Uachtarach.
3° Ní bheidh dlínse ag Cúirt ar bith chun bailíocht dhlí nó fhorála ar bith de dhlí a chur in amhras is dlí a ndearna an tUachtarán an Bille lena aghaidh a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26 den Bhunreacht seo, ná chun bailíocht fhorála de dhlí a chur in amhras má rinne an tUachtarán an fhoráil chomhréire sa Bhille le haghaidh an dlí sin a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoin Airteagal sin 26.
…
4 2° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc na Cúirte Achomhairc cásanna ina mbeadh ceisteanna le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta seo.
…
5 5° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc na Cúirte Uachtaraí cásanna ina mbeadh ceisteanna le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha Bhunreachta seo.
… (Airteagal 34)