Constitution of Ireland 1937, as amended to 2019
Marriage and Family Life
  • English
    1 1° The State recognises the Family as the natural primary and fundamental unit group of Society, and as a moral institution possessing inalienable and imprescriptible rights, antecedent and superior to all positive law.
    2° The State, therefore, guarantees to protect the Family in its constitution and authority, as the necessary basis of social order and as indispensable to the welfare of the Nation and the State.
    2 1° In particular, the State recognises that by her life within the home, woman gives to the State a support without which the common good cannot be achieved.
    2° The State shall, therefore, endeavour to ensure that mothers shall not be obliged by economic necessity to engage in labour to the neglect of their duties in the home.
    3 1° The State pledges itself to guard with special care the institution of Marriage, on which the Family is founded, and to protect it against attack.
    2° A Court designated by law may grant a dissolution of marriage where, but only where, it is satisfied that –
    i there is no reasonable prospect of a reconciliation between the spouses,
    ii such provision as the Court considers proper having regard to the circumstances exists or will be made for the spouses, any children of either or both of them and any other person prescribed by law, and
    iii any further conditions prescribed by law are complied with.
    3° Provision may be made by law for the recognition under the law of the State of a dissolution of marriage granted under the civil law of another state.
    4 Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex. (Art. 41)
  • Irish Gaelic
    1 1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.
    2° Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.
    2 1° Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.
    2° Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.
    3 1° Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.
    2° Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi –
    i nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,
    ii go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus
    iii go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.
    3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun aitheantas a thabhairt faoi dhlí an Stáit do scaoileadh ar phósadh arna thabhairt faoi dhlí sibhialta stáit eile.
    4 Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí. (Airteagal 41)
Marriage and Family Life
  • English
    1 The State acknowledges that the primary and natural educator of the child is the Family and guarantees to respect the inalienable right and duty of parents to provide, according to their means, for the religious and moral, intellectual, physical and social education of their children.
    2 Parents shall be free to provide this education in their homes or in private schools or in schools recognised or established by the State.
    3 1° The State shall not oblige parents in violation of their conscience and lawful preference to send their children to schools established by the State, or to any particular type of school designated by the State.
    … (Art. 42)
  • Irish Gaelic
    1 Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.
    2 Tig le tuistí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bhunaítear ag an Stát.
    3 1° Ní cead don Stát a chur d’fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.
    … (Airteagal 42)
1

Constitution of Ireland 1937, as amended to 2019 (English). According to Art. 8(1): "The Irish language as the national language is the first official language.”

Links to all sites last visited 12 February 2024